| Alba: | A’ Chòmhdhail Cheilteach |
| Breizh: | Kendalc’h Keltiek |
| Cymru: | Y Gyngres Geltaidd |
| Éire: | An Chomhdháil Cheilteach |
| Kernow: | An Guntelles Keltek |
| Mannin: | Y Cohaglym Celtiagh |
|
Más maith leat, is féidir an téacs seo a léamh i dteangacha eile: Gàidhlig na h-Alba, Brezhoneg, Cymraeg, Kernowek, Gaeilg Vannin, English. Bunaíodh an Comhdháil Cheilteach sa bhliain 1902 chun teangacha agus cultúir na dtíortha Ceilteacha a chur chun cinn, chun eolas a scaipeadh ina dtaobh, agus chun deis a thabhairt do mhuintir na dtíortha sin taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile. Tagann Craobhacha Náisiúnta na Comhdhála le chéile mar Chomhdháil Idirnáisiúnta uair sa bhliain chun na spriocanna sin a chur i gcrích. Tá eolas breise ar fáil mar gheall ar Chraobhacha Náisiúnta na Comhdhála Ceiltí, ach gliogáil anseo: Alba, An Bhriotáin, An Bhreatain Bheag, Éire, Corn na Breataine, Oileán Mhanainn. Tá eolas ar fáil ar an leathanach seo, i dtaobh na dtéamaí a pléadh agus na moltaí ar glacadh leo go dtí seo ag na Comhdhálacha Idirnáisiúnta. Tá téacs Bhunreacht na Comhdhála Ceiltí (leagan leasaithe 1994) ar fáil anseo chomh maith, maraon le roinnt nótaí staire a scríobh baill de chuid na Comhdhála. Beidh an Chomhdháil Idirnáisiúnta 2006 sa Bhriotáin. Ní mór a mheabhrú gur dhá eagras éagsúla iad an Chomhdháil Cheilteach agus an Conradh Ceilteach, cé go bhfuil go leor aidhmeanna i gcoitinne acu. Evertype a chuir na hacmhainní Lín seo ar fáil don Chomhdháil Cheilteach.
AlbaA’ Chòmhdhail Cheilteach Christine Mac Kay, Alma, Cullipool, Isle of Luing, Oban, Argyll PA34 4TX, +44 1852 31 42 54
Breizh
Cymru
Éire
Kernow
Mannin
International Celtic Congress
Go to the Celtic Congress index. | |
| Text and images ©1995-2009 Evertype |